
Íocaíocht faoi réir tástáil maoine is ea an Liúntas Cúramóra, agus íoctar é le cúramóirí a thugann aire do dhaoine áirithe a bhfuil cúram agus aird lánaimseartha at teastáil uathu. Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh eile agus cúram agus aire lánaimseartha á thabhairt agat, d'fhéadfá cáiliú do ráta laghdaithe den liúntas cúramóra in éineacht le do ghnáthíocaíocht
Roinnt an Chúraim
Ón 14 Márta 2005, ceadaítear do bheirt a roinneann an cúram ar bhonn páirtaimseartha i bpátrún socraithe liúntas a fháil faoi scéim na gcúramóirí.
Íocaíocht is ea Sochar Cúramóra a íoctar le daoine a bhfuil ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh íoctha acu agus a d'fhág a bpost le deireanas chun aire agus cúram lánaimseartha a thabhairt do dhuine a bhfuil gá aige leis. Féadann tú sochar cúramóra a fháil go ceann dhá bhliain ar a mhéad i gcás gach duine a dtugann tú aire dóibh. D'fhéadfá a bheith i dteideal saoire cúramóra
Íocaíocht bhliantúil is ea an Deontas Cúraim Sosa a íoctar le cúramóirí lánaimseartha a thugann aire agus cúram lánaimseartha do dhaoine áirithe a bhfuil sé sin ag teastáil uathu. Déantar an íocaíocht beag beann ar acmhainn an chúramóra ach tá coinníollacha áirithe ag gabháil leis.
Íocaíocht mhíosúil i leith linbh atá faoi mhíchumas trom is ea an íocaíocht seo. Ní mór don leanbh a bheith faoi 16 bliana d'aois agus cúram agus aird ag teastáil uaidh nó uaithi atá de bhreis go substaintiúil ar an méid cúraim agus airde a theastódh ó leanbh eile den aois chéanna.